Limba irlandeză și Gaeltachtul în centrul arhitecturii Irlandei într-un raport nou
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ AN GHAEILGE agus an Ghaeltacht á gcur i láthair mar bhac ar aontú na hÉireann ag údair agus lucht léinn agus ba cheart go mbeadh siad ina gcuid lárnach is dearfach d’ailtireacht stáit nua uile-oileánda, tá sé ráite i dtuarascáil nua a eisíodh inniu in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.
De réir na tuarascála, Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge is don Ghaeltacht, a rinne an taighdeoir dochtúireachta san ollscoil, Róisín Nic Liam, agus atá coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge, tá ceist na teanga lárnach i bplé atá faoi sheol ón mBreatimeacht agus mar gheall ar na hathruithe leanúnacha ar dhaonra an Tuaiscirt.
Tagann foilsiú na tuarascála seo sna sála ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra nuair a ritheadh rún ag leasú bunreachta an eagrais abhcóideachta teanga le go mbeadh sé mar chuspóir ag an eagras “gníomhú i dtreo Éireann Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Mheall an cinneadh sin roinnt easaontais ag an gcomhdháil i mBéal Feirste mar gur chreid roinnt baill go mbeadh cuspóir polaitiúil mar seo ina bhac ar dhaoine nár thacaigh le haontú na tíre — cainteoirí Gaeilge ón bpobal Aontachtach mar shampla. Ritheadh an rún le móramh mór mar sin féin.
Is é argóint na tuarascála a foilsíodh inniu ná: cé go bhfuil an Ghaeilge “i lár an aonaigh” sa chur agus sa chúiteamh, gur “coitianta i bhfad teanga dhúchais na tíre á plé ar bhonn diúltach ná dearfach go dtí seo, áfach, agus í go minic curtha in iúl ag an aos polaitiúil agus acadúil mar a bheadh ábhar idirbheartaíochta ann d’fhonn buairteanna na nAontachtach a mhaolú.”
“Samhlaítear an Ghaeilge go leanúnach mar a bheadh samhail chonspóideach den Náisiúnachas ann nó mar rian cultúrtha den seanthraidisiún Gaelach dá bharr, seachas mar theanga bheo phobail, ceist cheartais agus seoid náisiúnta a d’fhéadfadh cur le saibhriú sóisialta, cultúrtha agus acadúil an uile dhuine,” deir Nic Liam ina tuarascáil.
“Fágann an fhrámáil dhiúltach réaduchtach chéanna más ea gur ag freagairt go cosantach do dhíospóireachtaí atá claonta in aghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhíonn pobal na teanga sna díospóireachtaí ar Éirinn nua.”
Agus í ag caint ag an seoladh dúirt Nic Liam go raibh an chaint idir lucht léinn agus polaiteoirí sinsearacha ag plé leis an nGaeilge “mar rud go bhféadfaí ísliú céime a thabhairt dó amach anseo, nó mar rud gur gá athmhachnamh a dhéanamh air i gcás aontacht na hÉireann.”
Go deimhin, is minic an Ghaeilge á cur in iúl mar a bheadh cipín idirbheartaíochta nó ábhar siombalach comhghéillte ann sna comhráití céanna.
Sa tuarascáil féin déantar anailís ar an bplé atá déanta ag údair áirithe ar an nGaeilge thar na mblianta, ar an slí atá caite leis an teanga agus leis an nGaeltach



